Feachtas slua-chistithe ag Tomás chun Wordpress a aistriú go Gaeilge

TÁ ceathrú den ghréasán domhanda á rith ar chóras bainistíochta ábhar Wordpress, áis atá ar fáil in iliomad teangacha – seachas an Ghaeilge.
Mar sin féin, d’fhéadfadh go bhfuil an scéal sin ar tí athrú, a bhuíochas le duine de lucht cónaithe Ghaeltacht Mhúscraí atá tar éis aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb le tionscnamh slua-chistithe.
Is Gaeilgeoir agus forbróir bogearraí oillte é Tomás Ó hAodha, atá tar éis roinnt oibre a dhéanamh sa réimse forbartha pobail i Múscraí chomh maith. Tá feachtas Kickstarter seolta aige chun airgead a bhailiú le cur i dtreo an chostais measta €4,000 a bhainfidh le thart ar 40,000 focal a aistriú go Gaeilge ionas go bhféadfaí Wordpress a fheidhmiú as Gaeilge.
Go dtí seo tá an feachtas ar líne, a dhúnann an tseachtain seo chugainn, tar éis breis agus €1,000 a bhailiú agus tá sé ar fad á rith ar bhonn ‘iomlán nó faic’, rud a chiallaíonn nach dtiocfaidh an togra chun torthúlachta ach amháin má thugann an pobal an t-airgead ina leith.
“Ionas go mbláthódh teanga mhionlaigh, bíonn pobal iontach de dhíth, agus tá pobal iontach ag an nGaeilge, idir ar líne agus as líne araon,” a mhínigh Tomás.
“Teastaíonn uaim taithí níos iomláine ar an nGaeilge a thabhairt do dhaoine nuair a bhíonn blaganna agus suímh idirlín eile á gcruthú agus á n-úsáid acu ag baint úsáide as córas bainistíochta ábhar foinse oscailte Wordpress,” a dúirt Tomás, a chomhbhunaigh bailiúchán inspioráideach bliantúil na Gaeilge Imbolc i mBaile Mhúirne sa bhliain 2010, i dteannta lena bhean chéile Bernice.
Léirigh Tomás, ar ó Lios Tuathail i gCiarraí ó dhúchas é, an frustrachas a mhothaíonn sé féin agus Gaeilgeoirí eile nuair a bhíonn orthu Béarla a úsáid chun suímh Wordpress a chruthú agus a riaradh, fiú nuair a bhíonn ábhar a gcuid suíomh go hiomlán as Gaeilge.
“Tá roinnt mhaith suíomh curtha le chéile agam do ghrúpaí Gaeilge, agus dom’ úsáid féin chomh maith, agus cé gur féidir liom an t-ábhar a chur i nGaeilge, bíonn an cúlra i gcónaí i mBéarla. Baineann sé le cúl an rud ar fad, nuair a dhéanann tú logáil isteach, nuair atá tú ag riaradh nó ag úsáid Wordpress – tá sé ar fad i mBéarla, agus mhothaíos go raibh an Ghaeilge á iompar ar dhroim an Bhéarla,” a dúirt sé.
Nuair a thosnaigh Tomás ag déanamh roinnt taighde ar an lóistíocht a bhainfeadh le Wordpress a aistriú go Gaeilge, ba léir dó go raibh roinnt daoine tosnaithe ar an togra ar bhonn deonach, ach nach raibh an obair sin críochnaithe.
“Toisc gur creatlach fhoinse oscailte é Wordpress, ciallaíonn sé sin gur féidir le héinne é a athrú,” a mhínigh sé.
“Chughas mar sin chuig an suíomh Wordpress, agus tá grúpa deonach ann cheana féin a bhí tosnaithe i mbun oibre air, ach togra i bhfad Éireann ró mhór a bhí ann.” Baineann an costas €4,000 atá luaite le smaoineamh Thomáis le maoiniú a dhéanamh ar aistritheoir atá creidiúnaithe ag Foras na Gaeilge, Bríd Ní Fhlathúin, a dhéanfaidh profáil agus sainscagadh ar an obair atá déanta cheana agus a dhéanfaidh caighdeánú ar an téarmaíocht Ghaeilge ar fad chun a chinntiú go bhfuil sé ar fad comhsheasmhach tríd síos.
“An ról atá agamsa sa rud ar fad ná eagraí,” a dúirt Tomás. “Tá an dúshlán atá orm teicniúil – tógaim an t-aistriúchán agus déanaim é a chomhtháthú isteach i gcreatlach Wordpress. Mar sin féin le breis agus 20 bliain de thaithí mar fhorbróir bogearraí, mothaím gur gné den togra í seo gur féidir liomsa a láimhseáil.” Dhein Tomás cinneadh comhfhiosach tabhairt faoi rogha an tslua-chistithe seachas bealach níos coitianta cúnamh deontais a fháil ó eagraíocht Ghaeilge, le féachaint an bhféadfadh pobal labhartha na Gaeilge seasamh siar ó bheith ag brath ar fhoinsí airgid Stát-urraithe.
Dúirt sé gur theastaigh uaidh “féachaint an mhaoineodh pobal na Gaeilge iad féin, mar a luaithe agus atá an 40,000 focal aistrithe beidh sé saor do gach éinne le húsáid”.
“I ndáiríre níl cliú agam an éireoidh leis seo,” a d’haigh sé ar shuíomh Kickstarter. “Ach mothaím go láidir i ndá rud - ar dtús gur cheart Wordpress a chur ar fáil as Gaeilge. Agus leis sin, go gcaithfidh pobal na Gaeilge a bheith in ann seasamh leo féin, gan a bheith ag brath an t-am ar fad ar ghnáth-fhoinsí maoinithe.” Tá Tomás ag tabhairt spreagadh do ghrúpaí deonacha tacú leis an togra, agus tabharfadh sé cúnamh duine-ar-dhuine dóibh a suíomh Wordpress féin as Gaeilge a chur ar bun, gan aon chostais óstála san áireamh, má thugann siad €100 nó níos mó i dtreo a fheachtais Kickstarter.
“Níos tábhachtaí ná aon rud eile,” a dúirt sé, “ná a luaithe agus atá sé aistrithe, beidh leagan Gaeilge Wordpress saor in aisce do gach éinne ar fud an domhain le húsáid ina gcuid suiomh Wordpress féin, ag tabhairt rogha an éispéiris Ghaeilge iomláin do na mílte suíomh.” Féach: Irish Language Wordpress ar shuíomh Kickstarter.